School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 150
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.

    (continued from previous page)
    rabh fear aca dubh, agus go rabh an fear eile donn, go rachadh sé na shaothrughadh a fhorstún. d'imthigh sé agus a cú le n-a chois, a seabhach le n-a bois, agus each caol dubh faoí n-a thóin; claidheamh dubh a dá lann a bhainfeadh sioc de'n ghaoth agus nach mbainfeadh an ghaoth ribe do. thug sé bocsa do n-a dhearbhrathair sul ar imthigh sé, agus dubhairt sé go mairfidhe eisean nuair a d'éireochadh taobh an bhocsa dubh.
    ní rabh a fhios aige cé an bealach a rachadh sé ach smaoitigh sé go dtabhairfeadh sé an ghaoth ina thóin leis. Siubhail sé leis go dtí neóin bheag agus deireadh an lae, éanacha beaga na coilleadh ag gabhail faoí thom agus dídean dóibh fhéin. Bhí eagla air go mbéadh sé caillte, agus nuair a bhí sé dorcha chonnaic sé solus astoigh i gcionn coilleadh. Tharraing sé ar an tsolus.
    Bhí sean-bhean astoigh sa teach agus chuir sí míle fáilte roimhe Dhonn Mac a'Díorfaigh. D'fhiafruigh sé díthe an rabh biadh ar bíth ins an teach, agus dubhairt sí nach rabh mórán, ach go bhfuigheadh sé cé bíth a bhí aicí.
    Chuir sí an grideal ar na h-aibhleóga agus rinne sí (amach) toirtín de mhín eórna. Chuaidh sí amach aus bhlighe sí an gabhar, agus thug sí gugán de'n bhainne do, agus tuirtín aráin. Nuair a bhí a chuid deánta aige chuaidh sé amach agus chualaidh sé an ceól ins an choilleadh. D'fhiafruigh sé do'n tsean-bhean caidé a bhí ann. "Droch-mhúineadh ort," arsa sise, "an i bpoll no i bhplochaigh, i n-umhaigh no i n-oilean a tógadh thú, no nar chuala tú sin aroimhe?" "Inghean ríogh atá san áit seo agus tá sí fá gheasa. Theidheann sí 'na coilleadh gach lá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Informant
    Nora Bean Uí Dhuirnin
    Gender
    Female
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal