School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 145
  3. XML “Aodh Bán agus Séamús Crón”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Beathach an oifigigh ach sháruigh sin air. Nuair nár éirigh leis annsin ní thearn sé ach a mhéar a chasadh i fuball a beithidhigh, thug sé an beathach go talamh agus mharbhuigh sé é faoi'n oifigeach agus na dhiaidh sin mharbhuigh sé an t-oifigeach é fhéin.
    D'imthigh Aodh Bán annsin, é fhéin agus Séamus Crón, no go dteachaidh siad naoi dtráigh le rása isteach i mballóg ar thaoibh na Rannach Léith'. Ní raibh a'n greim le h-ithe acu annsin ach báirnigh agus ruacáin a bhain siad ar na clócha agus thart fa'n tráigh agus leoga bhí droch dhóigh ortha. Chuaidh Aodh Bán O Baoigill lá a d'iasgaireacht ar Loch na Cuisgirigh i mBéal na Cruite agus chuaidh Séamus Crón agus piginn bheag leis go thóin na Cruite a bhaint bháirneach.
    Fa dheireadh chualaidh na saighdiúraí go raibh Aodh Bán agus Séamus Crón ar Thóin na Cruite, sin na istoigh in Uaigh. D'fhan Séamus Crón ar Thóin Cruite ag bainnt bhairneach agus bhí na saighdiúraí anonn is anall ag iarraidh fághail isteach go h-Uaigh na ní thabhairfeadh bád ar bith isteach iad. Roimhe i bhfad thóg Séamus a cheann agus tchídh na saighdiúraí é. Arsa fear acú, B'féidir gur seo an fear atá muid a dhiarraidh." Thug siad iarraidh air ach dó réir mar bhí siad ag teacht un tosaigh bhí sé a marbhadh le n-a gunna.
    Chualaidh Aodh Bán a bhí ag iasgaireacht i mBéal na Cruite, chualaidh sé na hurchair agus tharraing sé ar Shéamus Crón comh gasta agus thiocfadh leis. Sgaoil sé an ceud chuid acu ag Oileán a' Mhagaidh agus an dara cuid ag Roilig na Cruite. Bhí siad uilig marbh annsin mheas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Bean Uí Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal