School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 144
  3. XML “Aodh Bán agus Séamús Crón”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Innse eile ar an scéal atá ar leathanach 102
    Cáit, bean Uí Chonaill Leitir Catha a d'innis
    Aodh Bán agus Séamus Crón
    Bhí sin ann ma's faide ó bhí. Bhí cuid mhór daoine i nÁrainn. Chruinnigh siad uilig isteach i numhaigh, ach an chuid a bhfearr acú, agus theich siadsan. Ba é an dream a bhí ina diaidh cuid saighdiúraí dubha Dhún na nGall.
    Bhí bean i nÁrainn ar b'ainm díthe Peigí Ní Ghallcobhair, agus bhí mac aicí ar b'ainm Séamus Crón. Bhí sise istoigh san umhaigh i gcuideachta na cuideachta. Chuir sí a ceann amach go bhfeicfeadh sí an raibh na saighdiúraí ar na gaobhair. Le sin bhain fear acu an ceann díthe le claidheamh. Na diaidh bháith siad méid a bhí istoigh san umhaigh.
    Nuair a bhí an marbhchach deánta acú d'imthigh go raibh siad ag bárr trágha. Ba seo an áit a raibh a caisleán ag Maol Muire ag áit a dtugann siad Tráigh an Áird Mhóir air.
    Nuair a chonnaic Séamus Crón go raibh a mháthair agus an mhéid a bhí istoigh san umhaigh marbh lean sé fhéin agus Aodh Bán O Baoghaill na Saighdiúraí Dubha agus bhí ins an am seo an t-oifigeach a bhí ar na saighdiúraí ag teacht 'un tosuigh ag bárr na trágha. "Seo anois a Aoidh Bháin a chailleach," arsa Séamus Crón, "seo dó am."
    Reath Aodh Bán nuair a bhrostaigh Séamus Crón é agus thug sé iarraidh greim taoibhe a fhághail ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Bean Uí Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal