Tomhaiseanna
Diligín diligín buail an ball dubh
- (An teine ag bualadh ar thóin an pota)
Siud sa chlúduigh é agus dhá chéad súl air - (criathar)
Thíos annsin a chonnaic mé an t-amharc beag deas
Scaifte ban óg 's ag damhsa go deas
Ribíní gorma ortha agus bódhanna deas'
'S dá mbithca ag tómhas go maidin ní thómhaisfea an cleas
- (an lín ag fás agus blátha gorma air)