School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 142
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murcadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-cr”
(continued from previous page)Codluigh Murchadh Beag ins an chaisleán an oidhche sin agus thug sé na trí bholgam uisge do ingean an Ríogh an dara maidin, agus an treas maidin agus ar an tríomhadh maidin bhí comh maith as bhí ariamh.
Bhí meas mór ag an Rí ar Mhurchadh Bheag agus thug sé málaí óir agus airgid do agus a ingean le posadh. Ó sin amach bhí doigh fir uasail ar Mhurchadh chóir.
Bá mhaith le Murchadh Mór a éirghe saidhbhir agus d’iarr sé ar Murchadh Beag an dá shúil a doghadh amach as a cloiginn agus é a fhághail ins an choirneál ceadna ar faghadh é fhéin. Rinne Murchadh Beag mar h-iarradh air. Dhóigh sé an dá shúil as Murchadh Mór agus d’fhág é ins an Teampall faoi na sean claraí I dtráthaibh an mheadhon oidhche thainig na cait isteach agus an treoraidhe ar thoiseach. Shuidh siad thart agus thoisigh na cait eile ar an treoraidhe ag iarraidh air sgéal a innse. “Innseocaidh mé sgéal ar seisean, acht sul a dtoisighidh mé caithfidh sibh-se gach coirneál ins an teach seo a chuartughadh agus ní fhuaire siad na coirneáil ceadna a leithid de cuartadh ariamh aroimhe
Thoisigh an cuartughadh agus fuair siad Murchadh Mór faoi na sean claraí agus stroc siad agus striall siad as a chéile é go dtí ‘nach(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- c. 60
- Address
- Gaoth Dobhair, Co. Donegal