School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 139
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murcadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-cr

    (continued from previous page)
    sé ithe na súgh-craobh go dtí gur fhág sé an soitheach folamh. Thug sé an soitheach folamh ‘un an bhaile chuig Murchadh Mór agus da mhéid cuid feirge an fhir mhóir an chead lá bhí dhá oiread feirge air an dara lá.
    An tríomhadh maidin d’imthigh Murchadh ‘un na coilligh bhain na súgh-craobh agus thug aghaidh ar an bháile. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an chrann thainig cioth fearthanna agus sé isteach faoi’n chrann ar fosgadh. Nuair a bhí sé faoi’n crann d’ith sé ceann de na súgh-craobh agus chainiceas do go rabh an blas air a b’fíor-mhilse dar fhiach sé ariamh. Thoisigh sé arais níor stad sé gur ith sé a rabh ins an ghugán. Thug sé an gugán folamh ‘un an bháile chuig Murchadh Mór.
    “Níl bomaite níos fuide le fághail agat” arsa Murchadh Mór. Chuir sé bar iarainn ins an teinidh agus dearg é. Annsin dhóigh sé an dá shúil amach as Murchadh Beag, chuir ar a dhruim é nuair a d’éirigh é dorcha agus d’fhág sé istuigh i gcoirneal é ins an tsean-theampall. Chumhdaigh sé é le cláraí agus sean-mhálaí sgreadach leánmhar agus an sgeamhlach ag teacht isteach ‘un an teampaill. Caidé bhí ann acht sgailfte cat ag cainnt eathorra fhéin. Bhí cainnt ag gach ainmhidhe an t-am sin. Chuaidh na cait suas go lár an teampaill agus shuidhe siad thart i gcearcall agus an treoruidhe i lár báire. Thoisigh an comhrádh agus an tseanchus, agus aindeoin go rabh Murchadh Beag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    c. 60
    Address
    Gaoth Dobhair, Co. Donegal