School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 138
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murcadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-cr

    Brídig Ní Dhochartaigh, Gaoth Dobhair, Tírchonaill a d’innis. Feach leathanach 44
    Scéal
    Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murchadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-craobh. Maidin amháin d’imthigh Murchadh beag ‘un na coilleach, bhain sé na sugh-chraobh agus thug aghaidh ar an bhaile. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar crann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann ar fosgadh. Fhad is bhí sé faoi an crann smaoitigh sé go n-íosfadh sé ceann de na sugh-chraobh. D’ith sé ceann de na súgh-craobh agus shíl sé go rabh siad an-mhilis. Thoisigh sé agus níor stad sé gur ith sé an méid a bhí ins an ghugán. Thug sé an gugán ‘un an bhaile chuig Murchadh Mór. Beir an fear sin ar an ghugán agus ar seisean le Murchadh Beag, “An dara lá a thiocfas tú le gugán folamh chugam cuirfidh mé ‘un báis thú”
    An dara maidin cuir sé Murchadh Beag amach arís agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an chrann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann cheadna a rabh sé an lá roimhe sin. Thoisigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    c. 60
    Address
    Gaoth Dobhair, Co. Donegal