School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 137
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair.”
(continued from previous page)giorsaigh agus í ag sileadh na ndeor.
“ A bhean mhodhamhail,” arsa Domhnall léithe, “an miste domh fiafruigh duit goidé ádhbhar do bhróin.”
“Maise níl” arsa an t-sean-bhean ní raibh ar an t-saoghal agam ach an aon inghean amháin agus bliadhain go h-oidhche Shamhna is chuaidh thart chuaidh sí amach na boithigh a bhlighe. Nuair a bhí sí tamall amuigh chualaidh mé fhéin ahus a h-athair í ag sgreadaigh. Chuaidh muid amach go bfeicfeadhmuis goidé a bhí cearr léithe agus bhí sí na luighe marbh sa tsuinc. Agus ó shoin ní fhacaidh mé a’n duine cosmahail léithe ach an cailín sin atá leatsa.”
“b’fhéidir gurab í atá ann,” arsa Domhnall.
“Ó, ní thiocfadh le sin a bheith,” arsa’n t-sean-bhean,” no fuair mo ingean-sa bás agus cuireadh í”.
D’innis Domhnall díthe goidé mar bhí agus gurbh í a ingean fhéin a bhí ann. Ní thiocfadh léithe é chreidbhéail. D’iarr Domhnall ortha a bheith ag teacht leisean go dtí an uaigh agus go dtabharfadh sé geall nach rabh ins an comhnair ach sean scuab. Chuaidh siad annsin agus d’fhosgail an uaigh, agus mar dubhairt Domhnall ní raibh ins an chomhnair ach an t-sean scuab. Bhí luthghair mhór ar an t-sean lánamhain go mba í a ingean dhílis fhéin a bhí acha arais agus thug siad buidheahas mór do Dhomhnall ar son a dearn sé daobhtha.
Nodlaig 1935- Informant
- Gráinne Bean Uí Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- c. 48
- Address
- Na hAgalla, Co. Donegal