School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 136
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair.”
(continued from previous page)"Bhail a mháthair," arsa Domhnall, "b'fhéidir go gcluinfinn rud éigin anocht a leigheasfhadh í."
D'imthigh leis. Bhí an cúirt fosgalta ag na daoine beaga ag dul síos do agus iad ag gabhail ceoil agus ag damhsa.
Isteach le Domhnall agus sheasuigh taobh istoigh de'n doras. Bhí fear de na daoine beaga ag cur thart corn fíona agus arsa seisean, "Bliadhan agus an oidhche anocht chuaidh muid siar go Connachta a fuadach giorsaighe agus tá feirín ag an fhear a bhfuil sí aige ó shoin na suidhe sa choirneal bodhar, ach da mbéadh braon de'n rud atá sa chorn seo aicí bhéadh sí comh maith agus bhí sí ariamh"
Bhí Domhnall 'na seasamh ag éisteacht le seo, agus nuair a thainig an corn fhad leis, ní dhearn sé ach léim a thabhairt amach ar an doras agus ar shiubhal 'na bhaile agus an corn leis. Thug braon de le h-ól do'n cailin a bhí 'na suidhe sa choirneal. Ar an bomaite bhí sí léigheasta bhí an t-éisteacht aicí comh maith agus bhí ariamh.
Seachtmhain 'na dhiaidh seo pósadh í fhéin, agus nuair a bhí siad tamall posta chuir Domhnall ceist uirthí lá amháin ar mhaith léithe ghabhail a amharc ar a h-athair agus a máthair a bhí siar i gConnachta. Dubhairt sí gur mhaith leithe. Lá thar na bhárach ghléas an bheirt órtha agus d'imthigh leo. Nuair a chuaidh siad annsin ní raibh aon duine istoigh ach an mháthair agus shíl sí gur lucht siubhail a bhí ionnta agus nuair a bhí siad tamall na suidhe thug Domhnall fa dear go rabh brón mór ar an t-sean-mhaoi. Bhí sí ag coimhead go géar ar an(continues on next page)- Informant
- Gráinne Bean Uí Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- c. 48
- Address
- Na hAgalla, Co. Donegal