School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 135
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair.

    (continued from previous page)
    buaclán buidhe a tharraingt as an talamh agus as an bhuaclán thainig beathach mór bán. Chuaidh Domhnall a mharcuigheacht air, agus ar shiubhal leobhtha siar go Connachta. Nuair a chuaidh siad annsin bhí an ghiorsach seo amuigh ins an bhoitheach ag blighe. Bhí an t-athair agus an mháthair 'na suidhe istuigh ins an cisteannaigh agus mhothuigh siad í ag screadaigh. Thug siad iarraidh amach 'na boithigh go bhfeiceadh siad goidé bhí cearr léithe, agus fuair siad i 'na luighe marbh ins an tsuinc. Rinneadh í fhaire agus cuireadh í.
    Nuair a phill Domhnall agus na daoine beaga arais bhí an ghiorsach le Domhnall ar an cúlaibh. Nuair a thainig siad fhad le cúirt na ndaoine beaga ghearr Domhnall léim anuas on bheathach agus thug anuas an ghiorsach fosta. Rinne sé fáinne thart le sál a bróige ins an áit ar léim sé on bheathach agus ghearr an chroic chéasta ar an ghiorsaigh. ar an ádhbhar sin ní rabh na daoine beaga abálta baint díthe. Ní raibh na daoine beaga sásta agus ní dhearn fear aca ach a lámh a tharraingt agus í a bhualadh on cluais go dtí an beal agus d'fhág bodhar í.
    Thug Domhnall leis na bhaile í chuig a mháthair. Bhí sí aige annsin agus ní raibh sí ábalta aon fhocal a labhairt. Bliadhan on oidhche sin dubhairt Domhnall le na mháthair go rabh sé ag dul síos na cúirte go bfeiceadh sé goidé bhí ag dul.
    "A mic ó," arsa'n mháthair, "bliadhan agus ins an oidhche anocht chuaidh tú síos aroimhe agus is deas an feirín a fuair tú, óganach bodhar na suidhe sa choirneal agat ó shoin."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Informant
    Gráinne Bean Uí Dhubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    c. 48
    Address
    Na hAgalla, Co. Donegal