School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 134
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair.

    (continued from previous page)
    -uigheadh Domhnall agus Pádraic. Rinn na mic socrughadh annsin, ach níor togadh an claidhe ariamh. Tugadh "Giota na Fola" ar an áit ariamh ó shoin.
    Nodlaig, 1935
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair.

    Gráinne bean Uí Dhubhthaigh, na hAgallaí, An Clochan Liath Tírchonaill a d'innis. Rugadh agus tógadh ar na h-Agallaí í. Tá sí fa tuairim 48 bliadhan d'aois anois. Chualaidh sí an scéal ag n-a máthair. Tá an mháthair beo o fóill agus bheadh sí anois 80 bliadhan d'aois.
    Scéal
    Bhí fear ann am amháin darbh' ainm Domhnall Mac na Baintreabhaighe. Ní raibh aige acht é fhéin agus a mháthair. Bhí gleann mór taobh thíos de'n áit rabh siad 'na gcomhnuidhe. Ins an ghleann seo bhí binn an áit a rabh na daoine beaga 'na gcomhnuidhe. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le n-a máthair go rabh sé ag dul síos chuig na daoine beaga go bhfeiceadh sé goidé an cinneál spoirt a bhí aca. Nuair a chuaidh sé annsin bhí na daoine beaga dul siar go Connachta a fhuadach giorsaighe nach rabh ag na h-athair agus n-a máthair ach í. Bhí beannuigheacht mhór fa'n ghiorsaigh seo agus ní thiocfadh leis na daoine beaga baint díthe gan duine saoghalta a bheith leobhtha. Ar an ádhbhar sin d'iarr siad ar Dhomhnall a bheith ag teacht leobhtha go Connachta. Dubhairt Domhnall go rachadh, ach nach rabh gléas marcuigheachta ar bith aige. Ní dhearn fear de na daoine beaga ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Informant
    Gráinne Bean Uí Dhubhthaigh
    Gender
    Female
    Age
    c. 48
    Address
    Na hAgalla, Co. Donegal