School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 131
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir.

    (continued from previous page)
    sí ortha cupla preata a bhí ar an bhach a ithe. D'ith Máire ceann aca amach as cúl a duirn agus annsin shuidh sí cois na teineadh go h-am luighe ag amharc ar an tsean-chailligh.
    Ag am luighe b'eigean do Mháire a cuid eadaigh a bhaint don'n t-seanmhnaoi agus a cur a luighe. Annsin, thaisbean sí do Mháire an bealach a rachadh sí suas un na lafta go dtí na leabaidh. Chuaidh Máire suas dréimire beag a bhí ann isteach ar an lafta an áit a bhfuair sí leabaidh bheag ar an urlár. Dubhairt sí a cuid urnaighe as luigh sí síos ar cholbha na leabtha agus chaoin sí gur chodail sí. Ní raibh sí i bhfad ina codladh no gur thoisigh sí ag broingloidigh. Shíl sí go dtainic a h-ant chuicí agus gur chogair sí ina cluas agus gur dhubhairt sí, "A Mháire, a leanbh, na caoin, ach éirigh agus gabh na bhaile ionnsair dó mhuinntir; gheobhaidh tú eochair an toighe faoi bhoul ar an dreisiúr. Éirigh go tapaidh agus glac mó comhairle mar' nglacaidh tú comhairle glacfaidh tú comhrac"
    Mhusgail Máire, d'éirigh sí chuaidh go dtí an dreisiúr, fuair an eochair agus d'imthigh. Shiubhail sí léithe gur ghlan an lá, gan bróg gan stocaí maidín gheimhridh agus ní rabh a fhios aicí ca raibh sí ag gabhail, acht níor mhiste léithe na bfearr léithe rud ar bith na pilleadh arais ar an áit a d'fhág sí.
    Nuair a ghlan an lá chonnaic Máire teach beag i bhfad uaithe agus tharraing sí ar. Nuair a thainic sí fhad leis an teach chuaidh sí isteach ann agus ní raibh istoigh ach seanduine beag agus d'iarr sé ar Mháire fanacht aige agus aire a thabhirt dó agus dá bfanadh go bfáigheadh sé an fheirm uilig aici nuair a gheobhadh sé bás.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Bean Mhic Amhalaoidh
    Gender
    Female
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal