School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 130
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir.

    (continued from previous page)
    bunadh an toighe ach cuartughadh go bfeiceadh siad an bfuige siad an taisgidh. Chuartuigh siad thíos agus thuas ach pighinn no leath-phighinn ní raibh le fághail aca. An lá indiaidh an t-sean-bhean a chur d'éirigh Máire go luath cuir uirthí a sgiorta bainín agus a naprún cotún bháin agus d'imthigh léithe. Sgaoil sí amach an asal, thug léim ar a druim agus ar shiubhal léithe. Níor ghlan an lá uirthí go raibh sí thuas eadar Abhann na Marbh agus an Dubhcarraidh. bhí an asal ag tabhairt suas uirthí nó bhí sí bacach, agus sa deireadh ghlac sí truaighe díthe agus léim de na druim agus d'fhág sí an asal ar taoibh an bhealaigh mhóir.
    Shiubhail sí léithe go dtí gur shroich sí Baile na Finne agus fuair sí an traen annsin go dtí an Srath Bán. Bhí sí ar an aonach rith an lae ach ní bhfuair sí a dhath le h-ithe ach an lón beag a bhí léithe ar maidin. Bhí an lá ag gabhail thart agus oidhche ag tuitim agus bhí sí níos measa anois na bhí ariamh agus gan le feiceáil aici ach daoine coimhthigheacha. Sa deireadh thiar thall thainic fear feasóige fhad léithe agus chuir ceist uirthí an ndeánfadh sí fastódh. Rinne, agus d'imthigh léithe. Bhí sé dorcha anois agus ní rabh a fhios aicí ca raibh sí ag gabhail. Sa deireadh thainic siad fhad le teach beag cionntuigheadh mar bhí aicí fhéin sa bhaile ach i n-áit é bheith geal bhí sé comh dubh leis an t-súithche. Chuaidh Máire isteach 'un toighe. Thoisigh sean-chailleach a bhí ann a sgannsail léithe fhéin agus leis an t-sean-duine cionn'us iad a bheith amuigh comh mall agus bhí siad. D'iarr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Bean Mhic Amhalaoidh
    Gender
    Female
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal