School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 13
- XML “Gruagach na gCleas”
- XML “Scian go mBuaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’imthigh an lach ar eiteoga. Fuair siad an Gruagach agus é dall mharbhuigh siad é. Thug siad leobhtha Gráinne annsin agus na málaí airgid a bhí ag an Gruagach agus chuaidh siad ‘na bhaile. Pósadh Donnmhach an Dubhfhraoich agus Gráinne agus bhí a sáith airgid aca go dtí lá a mbáis.
Nodlaig 1934Seán Ó Dubhgain as Loch Cathair a d’innis an scéal seo. - Scian go mBuaidh
Lá amháin bhí na Fianna ag seilg i nGleann Fada na Sealg agus ba ghnáthach le scian a bheith aca fa choinne gearradh na feola ar bh’ainm díthe Scian go mBuaidh, agus chaill siad an scian ins an chnoc an lá seo. Phill siad ‘na bhaile agus iad iongantach buadhartha fá’n scein.
Leag siad amach go gcuirfeadh siad duine a chuartughadh na [sceine] scine. Cuireadh amach Conán Maol ag dul ó sholus do leis an scian a chuartu an chead trian den oidhche. Nuair a bhí train na hoidhche caithte thainic Conán isteach folamh. Cuireadh amach Diarmad Ó Duibhne an dara train agus thainic seisean isteach folamh fosta. Cuireadh amach Goll Mac Móirne an tríomhadh train. Chuartaigh(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male