School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir.

Anna bean Mhic Amhlaoidh, Cró Bheithe Clochán Liath Tírchonaill a d'innis

Scéal
Bhí cailín ar an bhaile am amháin agus Máire bheag a bhí mar ainm uirthí, siocair gur Máire mhór a bhí ar a h-aunt a bhí astoigh 'na comnuidhe aicí fhéin agus ag na muinntir. Bhí siad iongantach bocht. Ní raibh de mhaoin acu ach bó amháin agus sean-asal bhacach. Bhí Máire Mhór iongantach críonna agus bhí sí na scéal reatha fríd an comhursanacht go raibh neart airgid ací acht nach leigfeadh an aindeis díthe piginn a chaitheamh. Bhuail an bás í, agus chaithfeadh duine suidhe aicí ar a seal gach oidhche go maidín. Thainic sé ar seal Mháire bheag suidhe aicí. Shuidh sí go raibh sé mall go maith san oidhche agus thuit néall ar an t-sean-mhnaoi. Dar le Máire gur seo a h-am. Chuaidh sí anonn go socair go colbha na leabhtha, chuir sí a lámh isteach in ucht na sean-mhná agus tharraing sí amach an taisgidh. Bhí spag bheag ar mhuineal na sean-mhná agus córda ann agus é i bfolach síos ina brollach. D'fhosgail mó Mháire cóir an spag agus caidé bhí ann ach trí agus sé pighne. Cuntais sí an t-airgead cupla h-uair agus ní rabh a fhios aice caidé dheánfadh sí leis. Sa deireadh bhuail smaoiteadh í go n-imteochadh sí 'un Lagain.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, ar maidín lá thar na bháach fuair an t-sean-bhean bás, agus leoga chan é bás na sean-mhná a bhí ag cur bhuardhartha ar

(continues on next page)
Informant
Anna Bean Mhic Amhalaoidh
Gender
female
Address
Crovehy, Co. Donegal
Language
Irish