School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Mín na Mánrach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1
Maidín Fhóghmhair 's mó thriall go (Fóchaill) hEochaill
Cé casadh sa ród orm ach stór mo chroidhe;
Ba dheirge a gruaidh no na caora caothrainn,
'S bá bhinne a beilín na na ceoltaí sidhe.

2
Leag mé mó lámh ar a brollach ró-gheal,
'S d'iarr mé póg uirthí stór mo chroidhe;
Sé dubhairt sí "Stop" 's na stróch mó chlóca,
No tá fhios do nóisean ag bean an toighe"
3
"Se seo mo lámh duit nach bfuil mé pósta,
Ach gur bhuachaill óg mé thug cion do mhnaoi;
'S ma théid tú liom-sa thart siar go hEochaill
Geobhaidh mise room duit ar bheagán cíos."

Informant
Gráinne Bean Uí Dhómhnaill
Gender
female
Address
Lettercau, Co. Donegal
Language
Irish

Tá sé i nGleanntáin agus i n-áltain
Agus ar leabhaidh na con állta
Ar bórd luinge móire seinm-théadaí (?)
Agus gan air ach crian a chuid éadaigh