School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 120
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán.

    (continued from previous page)
    Cormac. Thuit an bhean agus briseadh a cos. Thainig Cormac amach agus d'íth sé a sháith de'n bhiadh. An mhaidín lá tar na bhárach thainig sé fhad le torramh minstire. Nuair a bhí an tóramh thart, bhí cleasa da n-imirt in a rabh siad ag caitheamh iarainn.
    D'iarr siad ar Chormac píosa iarainn a chaitheamh, ach ní rabh sé sásta é a chaitheamh. Ach indiaidh brostughadh mór chaith sé é. Le taismeach bhuail sé an ministear ag bun na gcluas agus mharbh sé é.
    Thainig an tóir ina dhiaidh, agus d'imthigh sé ag tarraingt ar an fhairrge. Bhí an tóir ag teacht comhgarach do. Chonnaic se long ar an fhairrge, agus tug sé iarraidh uirthí. Bhí an captaoin ins an bhád, agus é ag leigheadh paipéir. Léim Cormac ar bórd, ach caidé rinne sé ach léim ar bórd, agus gabhail i mullaigh an chaptaoin, agus a chuid putógaí a chur fríd a thaoibh.
    Beireadh air, agus tugadh roimhe an chúirt é. Thainig an cás aníos ina éadan, fá marbhadh an chaptaoin agus an mhinistir, agus na mná. D'fhiafruigh an breitheamh de caidé a bhí le rádh aige. Dubhairt sé go dteachaidh sé isteach i n-áithe aoil ar fosgadh, agus go dtainig bean bhocht agus fear bocht go béal na h-átha. Nuair a bhog seiséan ins an áithe i lár na h-oidhche scannruigh siad agus shíl siad gur b'é an diabhal 'bhí ann. Reath an bheirt aca, agus thuit sise gur briseadh a cos. Dubhairt sé fosta go rabh sé buadhartha. Leigeadh a ceann leis ins an chás sin.
    Dubhradh leis go rabh cás mór eile ina éadan - gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Antoin Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal