School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 12
- XML “Gruagach na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Cá bhfuil d'anamh?" Arsa Gráinne.
"Tá sé annsin ag an doras," arsa an Gruagach.
D'imthigh sé go luath ar maidin. Thainic an bheirt gárdaí aníos agus bhí siad ag siubhal thart dtainic sé measardha mall. Chuaidh siad síos annsin arís. Ní rabh sé i bhfad go dtainic an Gruagach agus leig sé scread mhór as fhéin ag an doras agus dubhairt sé, "Fuit fuit feasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh istoigh.""Och, ní hé ach mise ag doghadh cluimhrighe," arsa Gráinne.
"Bh'feidir gurab é," ar seisean
"Cá bhfuil d'anam?" arsa Gráinne.
'An bhfeiceann tú an crann mór atá amuigh annsin?" ar seisean.
"Tcídhim," arsa Gráinne
"Tá lach istoigh ina an chrann, tá ubh ag an lach agus tá m'anam istoigh ins an uibh; ní mhairbhfear mise go dtí go dtig Donnmhach an Dubhfhraoich agus go mbuailidh sé a chos trí huaire ar an leic sin agus go dtarraineochaidh sé a chlaidheamh trí huaire ar an chrann"D'imthigh sé annsin go luath ar maidin. Thainic an dá ghárda aníos agus buuail Donnmhach an Dubhfhraoich a chos trí huaire ar an leic agus tharraing sé a chlaidheamh trí huaire ar an chrann.(continues on next page)- Informant
- Peigí Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Loch an Iúir, Co. Donegal