School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Donn; "bíodh aicí. Bhí muid beo sul a bhfaca muid ariamh í agus béidh muid beo aois gan í fosta."
"Sé ach go bé í goidé mar rachadh an lá eadar Goll agus an t-Amadán Mór," arsa Fionn.
Rinne siad dearmad dithe ar feadh tamaill agus sa deireadh bhí siad mar nach bhfuigheadh siad ariamh í. Bhí siad a' seilg mar ba ghnáthach leo agus sa deireadh thug siad fa dear gach oidhche go dtigeadh ceann no do no ní ba mhó de na madaidh isteach agus cluas no ruball na ball eile i n-aice leo. Ní thiocfadh leo smaoitiú goidé a bhí san tsliabh a dheánamh slaid ar an chonairt.
Dar leo fhéin sa deireadh go gcruinneochaidh siad i n-iomlaine 'un tsléibhe go bfeiceadh siad goidé bhí cearr. Seal gearr daobhtha go bhfacaidh siad an t-arrachtach chuca aniar a sliabh. Fear iargculta scáthmhar a bhí ann gan bhréig. Ní raibh a'n ruain éadaigh air da raibh ariamh ar cholainn daonda; b'fhada no colg a dhéadh agus bhí sé as méid gach fir.
Níor luaithe chonnaic na gadhair é no d'aithin siad é agus thoisigh an ghrúsachtach agus longadán aca agus an teannadh ar na sreangacha ag iarraidh cead a gcinn a leigin leo. "B'feiceann tú an díbirce atá ar na madaidh fa n-a choinne," arsa Goll(continues on next page)- Informant
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal