School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 114
- XML “Scian go mBuaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sise, "Tá scian agamsa annseo a raibh buaidh léith in gach bruighin a raibh sí ariamh; tabhair leat í agus ní heagal duit Gruig i mbárach. Nuair a bhéas an cath thart fág agamsa annseo arais í. Caith amach sa loch í. Tá m'áit chomhnuidhe ar thóin na locha. Ach ma choinnigheann tú í béidh daor ort; sí an scian dubh agat fhéin agus ag an Fhéinn í fada goirid a bhéas an cúiteamh amuigh."
D'imthigh Goll 'na bhaile. Thainig an lá, d'éirigh an ghrian agus rinne an bheirt réidh 'un catha. Thoisigh siad agus chan ar leath-chois. Ar feadh tamaill a' chéad uair ba doiligh aithne ca leis a mbeadh an bhuaidh. Ach fa dheireadh thoisigh Goll a tuitim ar gcúl. thoisigh an Fhéinn a scannradh go raibh an lá caillte aca. "Is cuma cé aca óganach ar a bhonnaí é," arsa Faolán. "Má fhághann Goll buile cluaise eile de'n chineal sin tá sé ina bhráighe," arsa Fionn. "Ma chlaoidheann sé Mac na Móirne," arsa Dearmad, "Níl sé ar dhruim a' domhain. Fear a chomhraic"
Le sin fhéin smaoitigh Goll ar scian go mbuaidh agus tharraing sé aníos as a cneas í. An chead bhuille 'tharraing sé thug an t-allmhurach iarraidh a chosnamh le n-a scéith ach rinne sí a bealach fríd an scéith agus thug an t-allmhurach go talamh. Bhí an lá buaidhte ag an Fhéinn.
Tamall ina dhiaidh sin nuair a shocair(continues on next page)- Informant
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal