Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 110
- XML “Scian go mBuaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé a thógail cíos-láimhe; Gruig a beir siad orm sa bhaile agus bheir lucht na droch theangtha an tAmadán Mór orm."
"Amadán Mór cinnte," arsa Fionn, a silstin go dtiocfadh leat cíos láimhe a thógail i nÉirinn rud nar tógadh riamh a roimhe, Cé an t-athair no an t-athair mór no an gar-athair a bhí agat, no an bhfuil sinnsear ar bith agat a raibh céimidheacht aca no cé na daoine ar daobhtha thú"
"Gruig is ainm domh fhéin, Siuile a bhí ar m'athair. Ma chaitheann tú tuilleadh eolais a fhághail ar mo chuid aithreach agus aithreach mór 'smé Gruig Mic Siuile Mic Síor uile, Mic Doiscéil Mic Doiscéil"
"Tcídhim, tá sreangan ar fhoghnamh," arsa Fionn, "Sreangán a bheir ceart duit cíos láimhe a thógail ma tá sé in do láimh a dheánamh"
"Níor sháruigh sin go fóill orm i dtír ar bith a raibh mé go dtí seo cé bith mar bhéas sa tír seo"
"Béidh le fiachail," arsa Fionn, "le moch éirghe gréine i mbárach. Gheobhaidh tú do chíos láimhe ach a fháisceadh as lámhaibh Ghoill Ghairbh Glaic-láidir Mhac na Móirne"
Tugadh isteach an coimhthigheach agus fuair sé biadh agus deoch a sháith. Annsin cóirigheadh sráideóg de'n luachair ghlais do agus hiarradh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal