School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Mín na Mánrach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

ar bith do dá gcuireadh sé ar shiubhail an leomhan Chuir sé ar shiubhail an leomhan agus thainig sé arais le mála na n-éanach.
Tugadh mála óir, agus mála airgid do. Chuaidh sé 'na bhaile go Gleann Domhain chuig na mháthair agus chomhnuigh siad go seascair ariamh 'na dhiaidh sin.

Nodlaig 1935

Tomas Ó Dubhthaigh, Áird Mhín, Clochán Liath Tírchonaill a d'innis an scéal seo. Eisean a d'innis fosta an scéal atá teacht indiaidh a scéil seo mar tá - "Cailleadh Scian go mBuaidh" Níl a fhios agam cé aige a chualaidh sé na scéalta seo.

Scian go mBuaidh
Lá da raibh na Fiana ag seilg ar Shliabh na mBan Fionn amharcaidh Goll Mac Móirne agus tcídh sé aniar chuca ón fhairrge fear mór agus é gléasta fa n-a chuid airm agus éididh. Nír bhfada go dtainic sé fhad leo agus níor aithin fear ar bith san chuideachta é
"C'ainm, no cé chloinn thú?" arsa Fionn
"Tá," ar seisean, as Críoch Lochlann a thainig

(continues on next page)
Informant
Tomas Ó Dubhthaigh
Gender
male
Address
Ardmeen, Co. Donegal
Language
Irish