School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mheasg an madadh a ruball ins an tobar agus chuir sé uachtar meala agus iochtar fola air. Shuidh an bheirt síos agus d'ith a sáith d'innis an madadh do'n ghasúr caidé a d'eireochadh do. D'iarr sé air an meid a bheadh buailte aige roimhe am briocfeasta a chur i mála agus a dhíol agus a bhricfeasta a fhághail air. An rud ceadhna a dheánamh le n-a dinnear agus le n-a shuipéar. Rinne an gasúr mar h-iarradh air. Thainig an maighistear isteach chuige tráthnóna acht ní coirce ar bith le fághail aige. Chuir sé ceist ar an ghasúr an rabh fearg air, "cad chuige a mbeadh" arsa'n gasúr
Lá thar na bhárach cuireadh an gasúr amach na coilleadh a chruinniughadh éanach, fiachail an dtiocfadh leomhan a bhí ann air. Tugadh a bhricfeasta do'n ghasúr agus mála leis na h-éanacha a chur isteach ann d'imthigh an gasúr go sásta. Ní rabh a mhaighistear ag dúil go bpillfeadh sé arís.
Nuair a thainig an oidhche thainig (an?) an gasúr arais ag marcuidheacht ar an leomhan, agus an mála na n-éanach leis ar a ghualainn.
Nuair a chonnaic an maighistear an gasúr ag tarraingt ar an teach thainig siad amach ag rádh go dtabhairfeadh siad gach(continues on next page)- Informant
- Searlas Ó Searchaigh
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal