School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 102
  3. XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Séamus Ó Rabhartaigh. Leitir Catha, Clochán Liath a d'innis
    Aodh Bán agus Séamus Crón
    Bhí fear ina chomhnudihe i nÁrainn i bhfad ó shoin ar bh'ainm Séamus Crón. Fear cliste a bhí ann agus bhí sé an-mhór le fear eile as taobh Dún na nGall ar dtugtaí Aodh Bán Ó Domhnaill
    Thainic Aodh Bán anuas ar cuairt am amháin chuig Shéamus Crón agus thárluigh sé go dtug na Sasanaigh ruaigh isteach na Rosann seal cuairte Aoidh Bháin. Thainic siad isteach bealach na fairrge agus thainic i dtír i nÁrainn fa choinne muintir Áranna uilig a mharbhadh. Chonnaic muintir Áranna iad ag teacht agus chuaidh siad i bhfolach i n-umhaigh na Rón, Chuartuigh na saighdiúraí an t-oileán ó cheann go cionn ach sháruigh ortha aon duine a fhághail.
    Bhí soitheach de chuid na Sasanach ins an bháighe agus chonnaic fear de na saighdiúraí a bhí uirthí, chonnaic sé sean-bhean ag cur amach a cinn as an umhaigh. Tharraing siad ar an umhaigh agus níor imthigh a'n duine beo ortha ach Aodh Bán agus Séamus Crón agus marbhadh máthair Shéamuis i gcuideachta na muintire eile.
    D'imthigh Aodh agus Séamus i gcurrach go dtí Inis Oileántraigh ar an taobh amuigh de'n Chruit. Thainic na Sasanaigh aniar ina ndiaidh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Rabartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal