School: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (roll number 15283)

Location:
Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
Teacher:
Nábla Nic Amhlaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 301

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 301

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson)
  2. XML Page 301
  3. XML “Scéal - Gasraí Mhachaire Chlochair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gasraí Mhachaire Chlochair.
    Fad ó shoin bhí sean bhean in-a comhnuidhe thíos i ngaoth-dobhair. Ins a h-óige chaith sí an chuid is mo de na h-am ar an choigchric agus ar an ádhbhar sin bhí dornán airgid aici. Bhí cupla fáinne ar a méara fosta. Sa deireadh bhuail an bás í agus ba é an athchuinge dheireannach a d'iarr sí na fáinní a chur leithi 'na cille agus cuireadh. An oidhche indiaidh a cur chuala beirt ghasúr as Machaire a Chlochair fá na fáinní agus rinne siad amach a ghabhail na roillige agus na fáinní a bhaint de'n mharbhánach agus iad a dhíol. Ar siubhal leo agus bhain an roillig amach agus thóg an corp. Bhain siad na fáinní d'ithe agus mar a' gceadna braithlinigh gheal a bhí thart ar a corp. Chuir siad an corp araist agus suidhe i gcoirnéal na roillige. "Nár bhreágh an rud molt de chuid bhun-a leaca" arsa fear aca. "Ba bhreágh" arsa an fear eile. Rachaidh mise fá na choinne agus fan thusa annseo. D'imthigh duine aca fa choinne an Mhuilt agus shuidh an duine eile i gcoirnéal na roillige agus na braitlinigh fá dtaobh dó.
    Bhí sean-sagart creapalta in-a chomhnuidhe ag taoibh na roillige agus bhí sean-chapall bán aige agus bhíodh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Language
    Irish
    Collector
    Nábla Nic Amhlaidhé
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraig Ó Rabhartaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire na Slua, Co. Donegal