School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 070

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 070
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Pisreogaí fá Oíche Bhealtaine”
  5. XML “Oíche Bhealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Creideann na daoine gur choir do gach duine crann caorthann a chuir 'na sheasamh suas san charn-aoiligh ( Crann Bealtaine mar deir siad ) agus siol astrach a cheanghail thart air ar Oidhche Bhealtaine agus creideann siad muna ndeanfar seo go meathann ma ba san bhainne. Creideann siad fosta gur choir an teinidh a fhagailt gan coigilt an oidhche sin.
    Na girrseachaí óga ata ag brath posadh, gheibheann siad seilide an oidhche sin agus cuireann siad faoi bheal pota é agus ar maidin nuair a thógfhadh siad an potá bheadh ainm an fhir a bhí le faghail acu sgriobhta ar an talamh ag an seilide. An oidhche seo fosta ba ghnathach le girrseach óg a ghabail amach na sgioból agus coinneal feaga a tabhairt leithe agus súiste agus toiseadh ag bualadh arbhair ag d'réir mar buailfeadh sí na pionamneacha caitheadh sí ar chúl an dorais iad agus cibé fear a bhí le faghail aici thiocfadh sé agus sgiobfadh sé leis an phionainn.
    Bá ghnathach leobhta fosta ceartlín, cháil a chrochadh ós cionn an dorais agus an chead fear singilte a buailfheadh a cheann ar an cheartlín ba hé sin an fear a geobhadh sí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    90