School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 066
  3. XML “Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bfad o shoin nuair a bheadh fear ag brath posadh rachadh sé chuig fear de na comarsanaí a bheadh cartannach leis agus d’iarradh air a bheith leis go dtí a leitheadh seo d’teach le bean a iarraidh. Bhearfadh siad buideal chuig naigín uisge béatha leobhtha nó bhí se saor an tam sin agus nuair a bheadh siad ag gabhail amach ar an doras bhearfadh siad trí choisceim, ceann dé’n athar, ceann de’n mhac agus ceann de’n Spiorad Naomh. Annsin chaitheadh cibé bhí ‘na ndiaidh an maide briste amach ‘na diaidh agus sean bhrog le adh a chur ar a gcuid siubhail.
    Nuair a bheadh siad tamall istoigh i dtigh na mná brisfeadh fear an chleamhnais ar an oidhreagach mar adeirfidhe. Bhearfadh siad gloine an duine de mhuinntir an toighe agus da nolfadh siadsan é ba hé sin comhartha maith. Da mbeadh muinntir an toighe sásta chuirfidhe an cailin ina suiudhe ag taobh an fhir go gcuirfidhe i gcommortas leis an fhear í.
    Annsin leaghtaoí amach lá an phósta agus oidhche na bainse. Spreidfidhe an sgéal agus dheanfadh na daoiní óga suas a n’ inntin caidé mar chaitheadh siad an oidhche. Ní rabh móráh doigh ar na daoiní an t-am udaidh le bainis a bheith acu. Ach ba chuma. Nuair a thiocfadh lá an phosta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Nic Gaoithin
    Gender
    Female
    Age
    70