School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 030
  3. XML “Arán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an am a bhí ann i bfad ó shoin ní rabh plúr ar bith ag gábhail ach go fíor annamh. Ní rabh anas mín bhuidhe ortha ar sgor ar bith agus i mbunadhas an ama sé arán mín bhuidhe a bhéadh acu. Bhí daoiní cliste ag gábhail roimhe no leóga fhéin ní achan duine a thiocfadh na rudaí ceudhna a dhéanamh anois. An dóigh a ndéanfadh siad an arán Bhí miasg acu leis an aráin amháin a dhéanamh, chuirfeadh siad cupla cráig mín bhuidhe isteach ann agus (cuirfeadh) braon uisge té a chuir síos air agus gráinín beag salainn, annsin é a shuathadh go maith fríd a chéile go dtí go mbéadh sé i ninnimh a thógail as a mhiasg, é a chur ar an tábla go ndéanfadh siad go measardha tanaidhe é le na cuid lámha. Dheanfadh siad ceatramhna dé annsin agus rósadh siad é ar an timthire teallaigh.
    Aran Min Choirce.
    Amannaí eile nuair a bhéadh ganntanas mín bhuidhe acu b’furust daobhtha mín choirce a fhághail no tá áit i nDoire Leach Conaill a dtugainn siad “pollán na Brónach” air an áit a ba gnáthach leobhtha an coirce a mheilt le mín cóirce a dhéanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish