School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)
- Location:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Teacher: M. Ní Amhalaghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Thanaidhe
- XML Page 016
- XML “Gaiscíocht”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)adeir an sean-fhocal, “Is fearr ag marcaidheacht ar ghabhar no ag casaidheacht ar fheabhas”.
Gheobhadh sé dornan beag airgid ar an bocstai agus bhearfadh siad moll snáth leobhtha, agus chnitealadh siad é go seachtmhain ó lá sin arais. D’fágfadh siad Doire Leach Connaill annsin, agus d’imteochadh siad go Gleann t-Suilighe arais. Sin rud nach ndeanfaidh daoine an lae indiu. - Bhí an feár seo ina chomhnuiudhe i m’Baile na Carraige agus an t’ainm a bhí air Haillí Ruadh. Lá amhain bhi sé fhéin agus a inghean ag gabhail siar an Bhárra a bhaint fámraigh. Chuaidh an inghean [istelach]? san bhad ar dtús, annsin thug seisean brughadh beag amach de’n bad san chanal. Thuit sé fhein amach san chanál i gcuidéachta an bhaid, agus chonnaic an inghean é ag ghabhail thárt lé iochtar an bhaid. Thug sise iarraidh é a shabhail, ach thuit sí fhéin amach agus bhí seisean sabhailte. Chuir seisean amach a laimh agus bheir gréim cinn uirthí agus tharraing anios ar dhruim an bhaid agus chuaidh se fhein a mhárchuidheacht ar dhruim(continues on next page)
- Collector
- Anna Ní Duibheannaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal