School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)no a corrú. Ba annsain a dubhairt Oscar an rud a maireas go dtín lá seo “Má sháthruigeann sé orraibh an torc a thabhairt go dti’n teine, ní sháthrochaidh se orraibh an teine a thabhairt go dti’n torc” Tugadh an teine go dti’n torc agus rósadh an torc. Mhair se doibh trí no cheathar de [laethibh]?
Bhí an seachtmhainn coir a bheith caiththe agus ba mhaith leobhtha lá sealga a sheánamh sul a nimthighfheadh siad. Rinne siad sin an lá a ba mo sealga [sá]? dtearn siad ariamh. Thainig siad arais tráthnóna agus na fir cóir a bheith marbh leis na luglaighibh mhilltean acha a bhí leo. bhí ceithre sgór dé fhiadhthaibh leo, agus trí sgór de eilit’ mhaoil’ trí céad broc, agus chuaidh se thar chunntas an meid de gearr-fiadha’ibh agus éanlaith a bhí leo. Ba e sin an lá a ba mhó sealga a rinneadh areamh in Eirinn.
Ar bhruaich na locha Gile cuir siad suas an campa agus tá an marc ann go fóill. Ar maidin nuair a bhí Fionn ag imteacht dubhairt sé go náthsochadh sé ainm an ghleannai. Tug se “An Sealgan” air, agus “Gleann na Sgáth” a bhí air roimhe sin.
Sin mar fuair sé an tainm “An Shealgán”.(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male