School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)áit a raibh siad. Bhí coill mhór comhgarach ag an áit a chuir sgáth ar an áit uilig go mór mhór ar an ghleann.
Bhí muc mhór ‘sa’ ghleann agus bhí eagla ar an domhan mór roimpi. B’fhada ó bhí tairgearacht deanta gur muc a mhairbhfeadh Goll, agus shaoil siad uilig gur seo an mhuc, agus tugadh air fanacht ‘sa’ bhaile.
D’imthigh an chuid eile cú gadhas agus claidheamh le achan fhear. Ní dheachaidh siad a bhfad gur casadh an mhuc orsa agus trathnóna ag teacht arais dóibh ní rabh fear no cú nach rabh loicighthe agus gan a dhath as an mhuc.
Lá thar na bharach d’imthigh Goll leis féin no ní leigfheadh se do’n chuid eile dhul leis. bhí rud [abhrógtibh]? A dcugtaoi an “Gá Builg” air. nuair a bhain se an gleann amach bhí cuma an-thógtha ar an muic indiaid a’ cruaidtean a fuair sí an lá roimhe. Thug sí a sean-iarraidh ar Gholl ach rois seisean an bolg aici agus thuit a cuid putóg uilig amach.
Chuaidh na Fianna uilig amach leis an mhuic a thabhairt na bhaile fhad leis an champa, ach ní raibh siad in innibh a [bogú]?(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male