School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 207
- XML “An Chaora Dhubh - Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus rogha gach dighe, agus nuair a bhí a sáit itte ag an chailin dimtigh an chaora dubh agus bhain sí an biorán suain as cionn an chailin eile agus mhusgail sí. Thuit seo amach achan lá ar feadh trí lá agus nuair a théigheadh ingean na bainrioghana abhaile d’inniseadh sí da máthair mur chuireadh an chaora dubh a chodladh í agus nach musglochadh sí go rabh an tráthnóna ann. Chuaidh an bhain rioghan go dtí cailleach na gcearc agus d’innis sí an sgéal dí agus d’iarr cailleach na gcearc uirthi a dhul abhaile agus leigean uirthi go rabh sí iongantach tinn. D’iarr sí uirthi coileach beag a marbh agus an fhuil a chur isteach i gcupan agus é fhágal taobh shiar di ins an leabaidh agus nuair a thiocfadh an Rí isteach ins an tseomra í bolagam den fhuil a ól i gan-fhios dó agus annsin é a chaitheamh amach(continues on next page)
- Informant
- Máire Nic Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Mín an tSionnaigh, Co. Donegal