Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 161
- XML “Na Seacht gCúpla Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do agus ma bhí iongantas ar an mhaighistir é fheiceal an cead maidin bhí da oiread iongantais air an dara maidin. Chuir sé ceist ar an ghasur caide mar d’éirigh leis agus d’innis sé dó go díreach mar tá mise indiaidh innse daobhtha-se. “Anois” arsa an maighistir bhearfaidh mise fiche punnta duit ma théidheann tú agus fannacht ann anocht. Dheanfaidh mé mo dhicheall arsa an gasur. Rinne sé a chuid timíreacht go dtáinig an oidhche agus annsin chuaidh sé go dtí an teach beag agus chuir sé síos teine mhaith. Dhruid sé an doras agus shuidhe sé ar an stól agus túg sé an maide briste leis agus chuir sé idir a dá chois é. Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtáinig an meadon oidhche, agus d’éirigh an stoirm an toirneach agus an gaoth mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cait Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an tSionnaigh, Co. Donegal