School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 141
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Gradh udaigh bhreóig agus mhill mé”
Gradh udaig bhreóig agus mhill mé,
Is iomda sin fear óg a chlaoidh sé.
Bíonn daoine ag cur i n-iúl damh,
Nach nidh a bhíos ann.
Is fada mé da innse,
Is mé tuitim i gconsuinsím.
Gur cailin óg a d’feall orm.
Is nach bhfágham í go bráthach.
II
Smaoin teadh rinn mé in m’inntin.
Agus chómhnaidhe sé go cinnte,
Go dtréigfinn féin mo bhunadh.
Is go rachainn ‘un Oileain Úir.
Tá mé ag iarraidh impí.
Ar an Ard Rí tá os mo cheann,
Le mé shadhbhal ar gach contabhairt.
Na go gcriocnuighidh mé mo shiubhal.
III
Siubhal mé fiche míle,
‘S níor casadh orm daoine.
Capall, bo, na caoire.
Dheanfadh ingilt ar an fhéar,
Coillte dlúth agus gleanntain,
Agus búirfeach beithigh állta,
Fir agus mná ‘s gan tuinnt ortha
A chasfainn fá mó mhéar.(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Dhocartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 36
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal