School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 115
- XML “An Chliobóg Ghorm - Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis an t-sean eán nach leigeann tú ar shiubhal na heánacha oga muna dtéighidh sí agus an ioc shláinte atá ins an Domhan Thoir a thabairt cugat. Imtheochaidh an fiach dubh agus ní thiocfaidh sé ar ais go cionn trí lá agus béidh aige le dúl tríd na seacht míle de chnoc teineadh. Racaidh sé fhad le bothán beag in a mbéid bean ag bogadh cliabhain agus ag measgadh póta cat-bhruith Tá an ioc-shláinte faoi an t-suisteóg in a mbéid sí na suidhe uirthi. Racaidh an fiach sios an simleir agus leagfaidh sé súithce ins an cath-bhruith agus eireochaidh an bhean le gugán fhágail leis an tsuithche a thógal as an phota agus geobaidh an fiach na trí bhuideal ioc-shlainte faoi an tsuisteóig agus imtheochaidh sé leis ag tarraingt ortsa. Tchifidh tusa ag teacht é agus gan ribe cluimhrighe air nach mbeidh doigthe de agus buideal faoi achan sgiathan de na chuid agus an(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Floinn
- Gender
- Female
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal