School: Doobin (roll number 16383)

Location:
Dúbinn, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Fhloinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doobin
  2. XML Page 109
  3. XML “An Chliobóg Ghorm - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dubhairt sí "ná bain don rud nach mbaineann duit." agus shiubhal sé leis fhad leis an stábla agus cheangal sé an chliobóg. Ní luaithe bhí sin déanta aige ná chuaidh sé ar ais san áit a bhfaca sé an solas. Caidé bhí ann acht leabhar bheag agus ribe gruaige istigh ann agus as an ribe seo a bhí an deallradh. Thug sé leis an leabhar agus d'fhág sé ar bharr an bhalla ins an stábla í. Bhí solas an-bhréagh aige annsin nuair a théigheadh sé amach le féar a thabhairt do na cliobógaí i ndiaidh theacht abhaile ón airneal. Oidhche amháin bhí maighistir an ghasúra istigh ag cainnt le comharsan nuair a tháinig an gasúr isteach agus rinne sé réidh deoch na gcliobóg agus chuaidh amach le í a thabhairt dobhtha fa na lámh. Nuair a chuaidh sé amach thoisigh an maighistir ag moladh an ghasúra a bhí aige "na anois" ar seisean " ní iarann sé solas na dadaidh eile acht féar agus deoch a thabhairt dobhtha fá na lámh" "o is furast
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Floinn
    Gender
    Female
    Address
    Dúbinn, Co. Donegal