School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 108
- XML “An Chliobóg Ghorm - Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhí na trí clioboigí lán clibín. Chuir sé síos a chos ar an pholl agus thoisigh an chliobóg ag lig ? na coise, agus ins an deireadh leig sé é féin síos uilig. Thosuigh sé ag déanamh mór leis na cliobogaí agus ag piocadh na gclibín dobhtha agus níór b'fhada go rabh siad slíogtha sleamhain aige agus an stábla glansguabtha. Bhí achan rud ag dul ar aghaidh go maith annsin agus badh gnáthach leis an chliobóg ghorm a thabhairt amach leis achan tráthnóna fa choinne tamall marcaidheacht. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, acht tráthnóna amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile ní badh mhoille na mar ba ghnáthach leis chonnaic sé solas an deas in taobh an chasain agus é ag dul thart. D'iarr sé ar an chliobóg seasamh agus chuaidh sé go dtiocfadh sé anuas di. Labhair an chliobóg leis, an chéad fhocal a labhair sí ariamh(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Floinn
- Gender
- Female
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal