School: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (roll number 10165)
- Location:
- Glenties, Co. Donegal
- Teacher: An tSr. M. Deuglán

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 1
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair an loch a ainm uadh Finn an Chinn Bháin. Badh deirbhfúir do'n Fhear Ghamhain Finn agus bhí sí i na mnaoi óig san am a thárladh an sgéal seo síos. Fáthach mór garbh do badh é, Fear-gamhain. Ní dhéarn sé ariamh rud ar bith a h-iarradh air acht bhí sé cinnte an rud eile do dheanamh. Bhí fáthach mhór eile fa chúpla míle dhe dar b'ainm Manannan na Troda agus ní raibh siad ag cur le chéile go ró-mhaith. Anois bhí eagla a chroicinn ar Mhanannan roimh Fearghamhain agus cheap sé go mbéadh saoghal sona suaimhneach aige féin acht b'é an fáthach eile tá amháin chuir sé sgéala chuig 'n Fhearghamhain nuar a bhí sé ag pilleadh 'un na bhaile indhiadh a bheith ar chuairt gan dul bealach Mhín an Áil ar a bháis, nó go rabh much bhán agus a trí cinn óga annsin, agus nach bhfághfadh duine ar bith saor o fheirg na muice sin. Comh luath géar 'gus chualaidh 'n Fhearghamhain an sgéal seo nach siúd anonn go Mín an Áil(continues on next page)