School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 373
  3. XML “An Óige, an Saol agus an Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    teineadh agus a dhorus druidthe.
    Bheannuigh Fionn do'n tseanduine agus bheannuigh an seanduine dó.
    "Tá sinn amuigh ó mhaidin," ars Fionn. "Thainig ceó orainn agus chuadhamar ar seachrán. Chan fhuair mé fhéin nó mo chuid fear a'n ghreim bídh ó d'fhág sinn an baile ar maidin indiu. An dtabhairfea tráth bídh dúinn le do thoil?"
    "Bheirfidh agus fáilte," ars an seanduine, ag éirigh agus ag deánamh réidh an bhídh. Nuair a bhí an biadh leagtha amach ar an tábla aige agus iad gabhail a ithe, aníos leis an reithe, cuiridh sé a chloigeann isteach faoi'n tábla agus steallaidh sé iomlán an bhídh sna glinncí.
    "Éirigheadh duine agaibh agus ceangaladh sé an reithe sin," ars Fionn Mhac Cúmhaill.
    "D'éirigh fear de na Fianna, d'fhéach an reithe chuir síos ach chuir an reithe síos é. D'fhéach fear eile agus fear eile a láimh ach chuir an reithe síos an t-iomlán aca. I ndeireadh báire d'fhéach Goll Mac Móirne é fhéin a láimh ach chuir an reithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female