School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
Edenfinfreagh, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain

Filter stories

Back
/ 426 Forward
Resolution: Low | High
Ard Rí na gCros

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí sin ann i bhfad oshoin agus ibhfad osoin fhéin é. Bhí na Fianna amuigh ag seilg lá amháin. D'éirigh eilit mhaol agus ar shiubhal le dhá choin Fhinn Mhic Cúmhaill 'na diaidh. Ar shiubhal le Fionn indiaidh na gcon.
Lean sé iad tré ghleanntaibh agus thar chnocaibh go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann. D'imthigh siad as a amharc annsin agus nuair a d'amharc sé thart shónnruigh sé go rabh sé i gcoilleadh na bhfacaidh sé ariamh roimhe. Shiubhal sé leis fríd an choillidh agus ní dheachaidh sé ibhfad gur casadh cailleach mhór ghránda dó.
Bheannuigh Fionn de'n chaillighe agus bheannuigh an cailleach dó. Tharraing sí paca cardaí amach as a póca agus ars sise:-
"A Fhinn Mhic Cúmhaill ar mhisde

(continues on next page)
Collector
Gráinne Ní Éagain
Gender
female
Language
Irish