School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Éadan Anfaidh
- XML Page 340
- XML “Oisín agus Naomh Pádraig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí na Fianna thíos ag greadughadh ar a chéile le súighistí agus caidé rinne ach súighiste Goill briseadh. Chuir Goll a chúl le balla agus thoisigh ag iarraidh bheith ag cur deis ar a shúighiste agus an mhuintir eile uilig ag greadughadh agus ag súighisteáil air. Fa dheireadh thiar thall fuair sé deis ar an tsúighiste agus thoisigh ar an mhuintir eile.
"Anois," ars Naomh Pádraig le h-Oisín "athchuinge ar bith a iarrfas tú gheóbhaidh tú í." Shíl sé go n-iarrfadh Oisín go bhfuigheadh sé na bhFlaithis, ach níor iarr.
"Sí an athchuinge a iarraim 'se," ars Oisín "Gan súighiste Ghoill briseadh a choidhche arís." Bhí an fhearg ar Naomh Pádraig leis, ach caidé an gar do a bheith ag cainnt leis?
Chá rabh dúil ar bith ag Oisín san chailín a bhí ag Pádraig. Ní thugadh sí leath a sháith le h-ithe dó agus bhíodh an bheirt igcómhnuidhe ag spuraidheacht ar a chéile. Lá amáin, ars Oisín léithe:
"Is minic a chonnaic mé caora caothrain níos mó na dó (bhunóg) mheascon ime; is minic a chonnaic mé duilleóg éidhin níos mó na dó bhunóig aráin; agus is minic a chonnaic mé(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female