Nuair a bhí Oisín ag Naomh Pádraig bíodh Pádraig ag innse dó fa Dhia, caidé cómh cúmhachtach agus bhí Sé. Shíl Oisín bocht nach dtiocfadh le Dia ná duine a bheith níos cúmhachtaighe nó Fionn Mhac Cúmhaill agus ars seisean le Pádraig lá amháin: "Da mbíodh mo Rí 'se agus do Rí 'sa, Ar léuna na bhFian seal ag spáirn. Da leagadh do Rí 'sa mo Rí 'se B'é do Rí 'sa an fear a b'fheárr." Thug Pádraig Oisín ar leath-taoibh lá amháin agus le miorbhuiltí thaisbean sé Ifreann dó.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »