School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 325

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 325

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 325
  3. XML “Mar a Rinneadh Rí de Fhionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    díomsa. Deán san dóigh é, nuair a bhéidheas sé críochnuighthe nach mbíonn a'n nduine i neinimh é (fo) thabhairt fadeara agus nuair a bhéidheas sé deánta agat tar agus innis díomsa é."
    "Maith go leór," ars an cearpantóir, agus chuaidh sé i gceann na h-oibre.
    Nuair a bhí an obair deánta aige chuaidh sé fhad léithe agus d'innis díthe go rabh an teach réidh anois. Chuaidh sí leis go bhfeicfeadh sí an mbéadh sé ina sásamh. Isteach i gcroidhe an chrainn léithe agus d'amharc sí thart.
    "Tá sé go h-iongantach maith," ars sise, "ach tá grugan beag annseo os mo cheann agus tá eagla orm go mbéidh sé 'a mo ghortadh. Sín isteach an tuagh annsorm go ngeárraidh mé é."
    "Taisbean damh é agus geárrfaidh mé fhéin é," ars an cearpantóir.
    "Dheánfaidh mé fhéin lán comh maith é," ars sise, "ó tharlaidh istigh mé; sín isteach an tuagh chugam."
    Shín an cearpantóir an tuagh isteach anns uirthi agus ar a fághail díthe chnag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female