School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 324

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 324

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 324
  3. XML “Mar a Rinneadh Rí de Fhionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mar Rinneadh Rí de Fhionn Mac Cúmhail
    Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí dhá Rí in Éirinn darbh' ainm dóibhthe O Bhrian agus Cúmhail. Bhí an bheirt aca amuigh ar a chéile go millteanach ach caidé rinne ach deirbhshiúir de Bhrian tuitim i ngrádh le Cúmhail agus pósadh an bheirt i gan fhios.
    Bhí go maith 'sní rabh go holc go rabh mac ag bean Chúmhail. D'fholluigh an mhathair an leanbh go dteachaidh sé a shiubhal agus annsin ní bhéadh sí i neinimh é fhollach níos fuide. Chuir sí lorg ar chearpantóir i gan fhios, thug amach na coilleadh é agus thaisbean crann mór de.
    "Geárr," ars sise, "mac-a-samhailt tíghe amach as ceap an chrainn sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female