School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
Edenfinfreagh, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain

Filter stories

Back
/ 426 Forward
Resolution: Low | High
Na Trí Chomhairle

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Na Trí Chomhairle
Ní rabh mé fhéin ariamh gan sgéal úr na sean sgéal. Da mbéidhinn gan aon sgéal, chumfainn fhéin sgéal, nó rachainn 'na Frainnce fa dhein sgéil. Da mbéidhinn bódhar ní chluinnfinn é agus da mbéidhinn balbh ní thiocfadh liom é innsint ach nuair atá sé agam innseochaidh mé é.
Bhí sin ann i bhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Bhí fear 'na chómhnaidhe thíos ag Droichead na Dochra darbh' ainm do Niall Ruadh Mac Giolla Inid. Am an droch shaoghail a bhí ann agus ar an droch uair dóibhthe fhéin thainic an Gorta agus an Fiabhras a shiubhal 'leis fhad le bunadh Dhroichid na Dochra comh maith le háit.
Bhí bean agus cúigear mac ag Nial Ruadh. Thainic an Fiabhras ortha agus dóibh fhéin a hinnistear é fuair ceathrar de na gasraidh bás agus

(continues on next page)
Collector
Gráinne Ní Éagrain
Gender
female
Language
Irish