School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
Edenfinfreagh, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain

Filter stories

Back
/ 426 Forward
Resolution: Low | High
Cailleach na nAdharc

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Cailleach na nAdharc

Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é, bhí bean 'na cómhnuidhe i nGleann-na-mBuachall san áit abhfuil sean Tam anois agus bhí cleachtadh aici suidhe ag sníomhachán ibhfad isteach san oidhche. Oidhche Shatharn amháin shuidhe sí ibhfad indiaidh an Mheádhoin Oidhche. Buaileadh ar an dorus agus isteach le cailleach agus adharc ag fás amach i gclár a h-éadáin.
Ars bean na h-adhairce le bean-a-tighe: '"Cíor thusa an tslám sin, cur ar an choigil é; fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa"'
Rinne bean-a-tíghe ámhlaidh agus shníomh an bheirt aca go ceann tamaill. Isteach le bean agus dhá adhairc uirthi.
'Ars bean a' dá adhairc le bean na h-adhairce, le bean-a-tíghe: "Cíor thusa an tslám sin, cur ar an choigil é, fágh thusa tuilleadh agus tug sin damhsa"'
D'oibir siad leóbhtha go dtainic bean

(continues on next page)
Collector
Gráinne Ní Éagrain
Gender
female
Language
Irish