School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 285
  3. XML “Roibín Gabha Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhuidheach díot, da dtabhairfea iasacht do cheardcha damh ar feadh chúpla bomaite; tá cruitheacha agam le cur ar an chliobóig seo."
    "Bhéarfaidh agus fáilte," ars Roibín.
    Tharraing an Gasúr Glas isteach an chliobóg, leag ar an urlár í tharraing tuath bheag ghéar amach as a phóca agus gheárr na ceithre cosa de'n chliobóig. Chaith sé isteach sa teine iad agus thoisigh a shéideadh. Indiaidh tamaill tharraing sé amach cos agus bhuail suas ar an chliobóig í. Tharraing sé amach ceann eile agus bhuail suas í, agus ceann eile agus ceann eile. Annsin bheir sé greim sraein ar an chliobóig agus thóg 'na seasamh í agus bhí na cruitheacha thuas aige a b'fhíor bhréaghta dá'r leag Roibín súil ariamh ortha. Thug sé buidheachas do Roibín, phreab in áirde san dialaid agus as go bráthach leis an bealach ceadna a dtainic sé.
    Anois, bhí sean-chapall bán ag Roibín nach dteachaidh a'n chruth uirthí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0753: Christ and the Smith
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female
    Informant
    Proinnsias Ó Éaghrain
    Gender
    Male
    Age
    88
    Occupation
    Táilliúir
    Address
    Mín an Duáin, Co. Donegal