School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)
- Location:
- An tÉadan Anfach, Co. Donegal
- Teacher: Gráinne Ní Éagrain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Éadan Anfaidh
- XML Page 266
- XML “Laoi an Fhia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'Sba ghile a dhéad no'n chailc mhín,
Ba mhaith a sgiath agus a lann,
'Sbí éideadh air go han teann.
Ag teacht ann ár gceannas dó,
De mhac Árd Rí na ngéar-lann,
'Sé d'iarr sé an chomhrac a b'fheárr 'san Fhiainn,
A thabhairt dó go h-aidbhéil.
Cuir sinne dhá chéad laoch ina dháil,
A b'fheárr lámh agus lann,
Agus ní bh'fhios dúinn síos no suas
Ca dteachaidh an sluagh sin a chuir muid ann.
'Sé d'iarr sé arís gan spás
Comhrac Ghoill de dheis láimh
Comhrac Oscair de láimh chlí,
Agus, a Phádraig nach mór an focal sin d'aon laoch
'Aon againn, ní rachaidh ann do dháil
Do ráidt Goll, an fear gan teipe,
Nó go bhfiachaidh tusa agus mise san treas
Ciaca againn a dhéanfas éifeacht'.
'Da m'eiteacht 'se sin, a Ghoill,
Comhrac a thabhairt d'aon son ?.
Da mbíodh sé i gCrích Fáil
Gan tuilleadh eile bheith daor-pháirt.'
'Comhrac liom, is éigean duit
No imtheacht nuair atá tú slán
Dó do thír fhéin nó is aithrigh duit'.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Éagrain
- Gender
- Female
- Informant
- Proinnsias Ó hÉaghrain
- Gender
- Male
- Age
- 88
- Occupation
- Táilliúir
- Address
- Mín an Duáin, Co. Donegal