School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 156
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    locha agus chuaidh an fear beag ruadh ar an luing. Bhí clóichinn draoidheachta air agus ní thiocfhadh leithe é a fheiceail. Bhí sé dá bualadh agus ag caitheamh uisge na locha uirthi. Ní rabh fhios aice goidé a bhí ag teacht uirthi. Nuair a bhí siad ag an taobh eile tháinig sí d’én luing, agus dimthigh suas go dtí caislean mór. Lean an fear ruadh í. Bhí fáthach sa chaislean agus thug sí dó an fáinne. Dinnis sí deireadh do fa mhac righ na h-Éireann. “Anois”, arsa sise “bhí an fáinne le bheith aige ar maidin agus bainfear an ceann do shiocair nach mbéidh”. Dimthigh sí annsin. Dfág an fathach an fainne thart. Thug an fear beag leis an fainne agus dimthigh. Chuaidh sé ar an (long) luin agus dimthigh leis. Dfág sé an fáinne ag mac an righ arís.
    Bhí go mait a’s ní rabh go h-olc, diarr inghean na bainrioghna an fáinne air. Shín sé chuice é. Bhí iongantas an t-saoghail uirthi acht níor dhubhairt sí dadaidh.
    An oidhche sin thug sí sisiúr do agus dubhairt sí, “bainfhear an ceann duit ar maidin muna mbionn sé agat”. I lár na h-oidhche tháinig sí agus ghoid sí í. Dimthigh sí go teach an fhathaigh. Lean an fear í, agus a chloicínn air. Scamhlail sí é agus dubhairt leis gan an t-sisiúr a leigean ar shiubhal. Dubhairt sé nárbh eagal dó. Dimthigh sí. Cuir an fathach an t-sisiúr faoi na cheann, ach thug an fear beag ruadh leis í. Dfág sé ag mac an righ í. Bhí sí aige nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Language
    Irish