School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 150
- XML “Seán an Chlochair Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rud eigin teacht nuair nar leigheas a chuid comhgais í. Dubhairt an cailleach gur ghoid sí spárán. “Bhail” arsa Jack, “tá aithne agamsa ar an fhear ar ghoid tú an sparán uadh, agus ma thabhaireann tusa an sparan damhsa, bhearfhaidh mise é don fear ar leis é”. Thug sí an sparán do Jack agus annsin thug seisean giota iongantach beag de ubhall glass dí agus annsin déirigh na h-adharca rud beag níos giorra.
Nuair a tháinig Jack arais lá thar na bharach dubhairt sé go léasfhadh na comhgaisí a thug seisean daoithe í acht ce bé gur ghoid sí rud éigin eile uadh an fhear ceadhna. Dubhairt sise gur ghoid sí fídeóg uadh. Ní raibh fhios ag an chailligh go raibh sí ag cainnt leis an fhear ar ghoid sí an sparán agus na rudaí eile uadh agus thug sí an fhideog do Jack agus diarr air é a thabhairt do’n fear ar leis é. Annsin thug Jack giota iongantach beag de’n úbhall glass dí agus annsin déirigh na h-adharca rud beag eile níos giorra na bhí siad.
Dimthigh Jack leis an lá sin na bhaile agus bhí athas air go bfuair sé cuid da chuid rudaí arais. Nuair a chuaidh sé a amharc ar an mhnaoi an lá na dhiaidh sin dubhairt sé leithe go g-caithfheadh sé gur ghoid(continues on next page)- Informant
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Occupation
- Múinteoir